Scoil: Oileán Iarthach

Suíomh:
An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 367

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 367

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Oileán Iarthach
  2. XML Leathanach 367
  3. XML “Scéal faoi Oíche Shamhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ann fadó agus bhí sí pósta. Bhí aon mac amháin aice. Bí an t-an-cionn ag Máirín ar a mac agus ba mhaith an agaidh air é – gasúr breágh láidir a bhí ann agus nuair a bhí sé trí blaghna daois coinneochadh sé cainnt leis an bfear ba críona dá raibh ar an mbaile. Is gearr go dtháinic Oidhche Shamhna agus thug na sídheogaí leób an gasúr agus d’fágadar sídheóg ina áit.
    Is geárr gur leig an sídeogh air fhéin go raibh sé go dona. Thugadar chuile leigheas dó ach ní raibh aon mhaith ann. Oidhche amháin dhá raibh Máirín ina codladh dairígh sí glór éan agus bhreathna sí amach go bhfeicfeadh sí cén sort éin a bhí ann. Ean gorm a bhí ann agus bhí solas draoidheachta fá na muineal. Ghabh Máirín anúnn chuige ach dimthigh an t-éan agus dimthigh sé nó go dtáinic se go dún aisteac. Bhí sé i-na mhaidneachán lae an t-am seo. Is gearr gur airigh Máirín ceol. Cuir sí a cluas leis an gclaide go bhfeicfeadh sí ceard a bhí dhá radh aca. - Seo é an tamrán a cualad sí:
    Sídheogaí, sídheogaí sroll agus sidhe,
    Páiste Mháirín graád bán na síghe,
    Itheann sé mil agus ólann sé fíonn,
    Ac ná tabhair dhó buachaill an tíghe.
    Cuaid Máirín abhaile tug sí mil agus fíon don ghasúr d’feabhsuigh sé agus bí sé ina Rígh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Oíche Shamhna (~934)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bairbre Ní Niadh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Niadh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe