Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Suíomh:
An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cathal Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 276

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 276

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Leathanach 276
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    thabhairt ar iasacht dom agus bhéaraidh mé ar ais duit i mbárach é. Chuaidh an cailín aimsire isteach agus dúbhairt sí le bean a thighe go raibh fear beag ag an doras agus gur teastuigh corcán uaidh i gcóir bainfheise san dún. Tabhairt ceann dó ars an bean. Is maith an rud bheith fial. Thóg Máire corcán breágh a bhí ar an teintean chun a thabhairt don fear béag ó na tabairt an ceann sin do ars an bhean. Tá corcán eile a bhfuil poll ann faoin mbord agus tabhair é sin do. Deisigheann na sidh fir potaí bíonn briste tá fhioch agat agus mar sin ní gádh dom raol a thabhairt d'on tinncéir chun é deisiughadh. Bhí go maith agus ní raibh go holc tá an cailín aimsire an corcán briste d'on fear beag agus d'imthighe sé leis fein. Lá ar na bhárach tháinig sé ar ais agus bhí an pota deisighthe aighe . Thug sé an pota do bean a tighe agus bhí áthas mór uirrí nuair canuighe sí mar cheap sí gur sabhail sí raol ar an ngnó. Iar dtuitim na h-oidhche dubhairt an leis na gcailín aimsire lán an phota de bainne úr a chun an teinid i gcoir suipéir na bpáistí. Rinne an cailin amlaidh acht ní túisge do bhí an pota ar an teinidh na beirbigh an bainne thar béal an pota agus caillead é. Bhí an bean ar buile leis an gcailín. Greadadh cugath ars sise sin corcán bainne caillthe orm agus dhá phighinn imhtighthe ars glór béag thaus san simléar. Cuir an bean féin lán an photha de bainne ar an teinid arís acht má cuir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ulcín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádhraig Ó Comáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe