Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Rí Cat na Páirce.I bhfad ó shoin bhí fear ag teacht abhaile ar a chapall oidhche amháin. Ar a bhealach b'éigin dó dul trí choill mhóir. Núair a bhí sé istigh i lár na coille bhí an oidhche an-dhor[cha.] Léim cat mór amach roimhe agus thug sé fogha faoí a mhuinéal. Choinni[g]h an fear an cat amach uaidh lé lasg a bhí in a láimh aige. Lasg sé é agus lasg sé é go raibh an cat mín marbh ag a chosaibh. Sul ar imthigh an dé deire as, labhair an cat agus arsa sé "Núair ghabhfas tú abhaile innis de leaidín na luaith[e] gur mharbhuigh tú Rí Cat na Pairce." Núair a shroich an fear a bhaile d'innis sé an sgéal dá chlann. Bh[í] cat beag súarach ina shuidhe cois na teine agus núair a chúala sé an sgéal léim sé in áirde a[r] an bhfear agus rug sé greim sgórnaigh air. Tharraing sé amach píobán an fhir agus amach leis a[n] doras. Ní fhacas é ó shoin amach.
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Bhreanaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Lios, Co. na Gaillimhe