Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Láir Bhaile Locha RiabhaighChúaidh fear as an gceanntar seo go Baile Loch Riabhach le capall do cheannacht. Shroic sé an baile riamh eirighe gréine. Bhí sé ag siubhal cois an locha núair tháinig láir bhreagh anios [> aníos] chuige agus searrach le na cois. Rug sé ar an láir agus anáirde ar a druim leis agus thiomáin sé abhaile í. Lean an searrach í
D'fhan an láir leis an bhfear agus rinne shí a chuid oibre go maith. Tar-éis tamaill d'éirigh an fear saidhbhir agus í gcinn seacht mbliadhain chúaidh an fear go h-aonach Baile Locha Riabhaigh leis an láir céadna agus searrach óg eile le díol.
Chuir sé faoí san mbaile an oidhche roimh an aonach agus d'fhág sé an láir agus an searrach i bpáirc an locha. Ag breachadh an lae ar maidin bhúail sé síos go dtí an páirc chun greim a fhághail ortha. Chonnaich an láir é ag teacht agus thug sí léim agus an searrach isteach ins an loch agus ní fhacha aoine íad as sin amach.