Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)onóir dhó. Abhaile lé Concúbhar agus dinnis sé an sgéul dá mháthair agus dúbhairt sé léi go gcaithfheadh sé ceann des na caoirigh a mharbhú in onóir don mháighistear. "Tuige a ndéanfaidh tú sin, ars an mháthair, caithfidh tú a theasbáint gur iomadán i gcómhnuighe tú". Bhfell a deir Concúbhar ní mó is cóir don mháighistear feóil a bheith aige ná againne. Mharbuigh sé an caora agus núair bhí sé ithte acú thosuigh sé ag dul san áit céadna ag fasaoicht leis an gceann eile. Ní raibh sé acht dá lá sa gcoill go dtainic an sheepéar aríst, agus dúbhairt sé lé Concúbhar go gcaithfheadh sé eirghe as an obair sin, nach leighfeadh an mháighistear dó bheith ag trespassáil thart ar a theach-mhór ar chor ar bith. "Ceal nach bhfuil aon sgéal núadh eile agat acht mar sin arsa Concúbhar. "Tá", a deir an sheepéar, "tá an máighistear lé pósadh an oidhche Dia Satharn". "Bfell má tá, a deir Concúbhar, ní bheidh mé ag déanamh níos mó trespass mar marbhóchaigh mise an caoire eile in onóir dó Chúaidh sé abhaile chuig a mháthair agus dúbhairt sé go gcaithfeadh sé an caora eile a mharbhú. Mharbhuigh síad an caora [> chaora] agus dith síad é, agus annsin ní raibh slighe ar bith mhaireachtáil acú. D'imthigh Concúbhar an lá seo agus chúaidh sé isteach i(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Chatháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Lios an Uisce, Co. na Gaillimhe