Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- XML Leathanach 096
- XML “Scéal faoi Oiread Ceann Mordhóig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí ag glaodhach ar Oiread Ceann Mordóig. "Tá mé anseo" a bhíodh Oiread Ceann Mordóig a rádh agus é istigh i mbolg na bó. Tráthnóna séard bhíodh Oiread Ceann Mordóig a rádh "siubhal abhaile". Nuair a tháinig Oiread Ceann Mordóig agus an bhó abhaile marbhuigheadh an bhó. Cuireadh Oiread Ceann Mordóig le cuid den fheoil go dtí a mháthair mhór. Nuair a bhí sé ag dul go dtí a mháthair mhór tháinig múir báistigh. Séard a rinne Oiread Ceann Mordóig dul isteach i gcuid den fheoil. Ní raibh sé i bhfad ansin go dtáinig ceannuidhe mála. Chuaigh an ceannaí ag tabhairt leis cuid den fheoil nuair a chonaic Oiread Ceann Mordóig é. Rith sé amach, rith an ceannuidhe ansin agus d'fhág sé an mála ag Oiread Ceann Mordóig.
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Confhaole
- Inscne
- Baineann