Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 030

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 030

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Leathanach 030
  3. XML “Luach na Bó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ó bhun go barr di ach ní raibh sásamh ina cinn ach ag casaoid. D'éirigh luach na bó agus chuaigh sé amach agus isteach leis agus bulán dubh aige leis an dearbhráthair saidhbhir agus mharbhuigh sé é. Chuir siad feoil síos agus nuair a bhí sí réidh aca d'ith siad í.
    An chéad lá eile chuaigh sé amach agus caora a thug sé isteach an lá seo agus gach lá go ceann seachtaine thugadh sé isteach caora nó bulán.
    Lá amháin dubhairt an dearbhráthair saidhbhir nach raibh bulán ná caora dhá fhágáil aige féin ó thainig an fear eile sa teach seo thiar. Dubhairt an tseanbhean go raibh seift aici féin, í féin a chur síos i gcófra agus a rá go raibh daoine le teacht agus gach a raibh sa teach a thógail agus gur chuir sibh an tairgeadh isteach sa gcófra agus an cófra a thógáil go ceann sgathamh.
    Chuaigh an dearbhráthair saidhbhir go dtí an dearbhráthair bocht agus fuair cead uaidh an cófra a thabhairt isteach. Chuaigh sé abhaile annsin agus chuir sé an tseanbhean isteach sa gcófra agus neart feola agus rudaí le n-ithe síos ann, nós go mbeadh fhios aici gur bé luach na bó a bhí ag déanamh na gaideachta.
    Nuair a bhí an tseanbhean i dteach an dearbhráthair bocht chuaidh luach na bó amach agus thug sé isteach bulán agus chuir siad síos lán pota di agus nuair a bhí sé bruite leag sí lán pláta ag na páistí agus nuair a bhíodar dá ithe chonaic duine aca an tseanbhean ag breathnú amach trí pholl na n-eochair. Dubhairt sé Súilín sa gcófra
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0505: Dead Man as Helper
    AT1536A: The Woman in the Chest
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Bhriain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Ó Briain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe