Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)
- Suíomh:
- Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Hannraoi Ó Coinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Mór Iata
- XML Leathanach 106
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)céadh dó dul chúig an damsu agus í fhéin fanacht le na
mháthair gó dtíochfaidh sé ar ais. Dubhairth an bhean gó
bhfanféadh. D’féistigh an fear seo é fhéin agus chuaidh sé chúighe
an damsú. Nuair a bhí sé tamaill imthighthe dó chuir bean
an tighe síos an tular agus do néirigh sí tae dí o fhéin
agus den bean strainsear. Nuair a bhí an tae réid
ní raibh an bhean strainsear sasta gó gcuirfeadh síos
feóil di. Ní raibh aon deor uisge ag bean an tighe leis an
fheóil dó bhruith.
Dó chuaidh an bean strainseara seo suas agus thóg sí
anuas an fheóil agus chonnaich bean an tighe eadach fir taobh
isthigh uirthí. Tháinich fáthciós ar an mbean nuair a chonnaich
sí gó raibh eadhach fir taobh istigh uirtí, agus chuaidh sí
amach i gcoinne canna uisge agus choinnigh bean an tighe
taobh amuigh í agus dubhairth sí gur gadhiudé fear a bhí annseo
Dó cuir an bhean strainsear a cós thríd an doras agus
tháinich sí isteach agus rug sí ar an bpaithe a bhí ar
chúl na teineadh leabtha agus bhruith sí as san
gcliabhain é. Do sgaoil bean an tighe an ghadair mór
a bhí ar an lotha anuas agus dó léig sé a phuthogha
amach i lár an urlair. Nuair a bhí an méid sin
déanta ag an ngádhair do chuaidh sé go teach an damsú
agus é uiligh faoí fhuil agus nuair a chonnaich an
fear é dó rith sé abhaile agus nuair sé isteach
d’fhiafhruigh sé a raibh sí fhéin beo agus dubhairt sé go
raibh agus go raibh an páiste dóighthe ar chúl na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraich Ó Máille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe