Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)

Suíomh:
Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Hannraoi Ó Coinnigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 135

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 135

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Mór Iata
  2. XML Leathanach 135
  3. XML “Seanscéal Naofa na hÁite”
  4. XML “Seanamhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    daoine agus thógadar an leach agus nuair a bhreathnuigheadar faoí an leacht connaiceadar connra agus ainm Colm Cille air faoi an leach annsin thógadar é agus cuireadar go h-Éireann é agus cuireadh i eineacht le Naomh Padraic agus Naomh Brighid é. agus deir na daoine gurbh é sin an fáth a cuireadh Naomh Colm Cille go h-Éireann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Seanamhrán

    Maidin ciúin ceómhar dar éirigheas

    Maidin chiúin ceómhar dar éirigheas amach sa bfóghmhar
    Cé casfadh ar an ród dom ach stóirín mo croidhe
    Do dhearcas ar a bróga agus shil mo shúile déora
    D'iarr mé trí póg uirthi agus mé ag leigean mo sgíth.
    O imthigh agus cakadh mór misde liom féin é
    Ní raibh leat atá Éire ná malrait (gaolta) le fagháil
    Ní posfaidh mé do mhalrait, nó go sínfear faoi an fód mé
    agus go bfásfaidh ór os mo cionn.
    Níl rud ar bith níos breághta, ná an grian os cionn sáile
    Nó na posaidhthe geala bhána bhí ar malraigh (ballaibh) na .....
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Padraic Seoige Seamús
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Tamhnach Mhór, Co. na Gaillimhe