Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)

Suíomh:
Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Hannraoi Ó Coinnigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 113

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 113

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Mór Iata
  2. XML Leathanach 113
  3. XML “An Stoirm Mhór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ta sé na bliadhantha fada ó shoin ó bhí an Stoirmh mhór í n-Éireann. Tharla an stoirm mhór sin ar oidhche cinn dha lá deag. Níor faghaidh teach a raibh sgolbh sgraith na dian air nar cuireadh uilig i mullach a céíle agus na daoine a raibh páiste acu luighidís le taobh na gcladheacha agus deanadh na sinean a leigheann thartú ar fhathchiós go scabfhaidh isteach san bfairrghe iadh.
    Na daoine a bhí beo an tam sin bhí a gcroidhe amuigh tar a mbeal le fathciós nach mbeadh aon blas faghthaí ar an saoghal, act thughadúr buidheachas dó Dia nuair a bhí sé caithe agus gan amarc na tuairisg a fheicheal ar a leitheadh le na mbeo na le na mbáireann arís. Tá na daoine san saoghal seo sgannruighthe nuair a cloisin siad cupla sínean gaoithe mar bíonn fathcíos ortha gó dtiócfadh an stoirm mhór agus go scuabhfadh as an tir iad.
    Níl aon duine dha raibh beo le linn na stoirme mhoire nach raibh sgannrughadh in na croidhe go bfuair sé bás agus níl aon duine de na daoine sin beo act fear atá i Roinn i Moaoile agus tá sé indon dul indiaidh a cuid beithigheach fós gidh go bfuil aois mór aige mar deir na sean daoine bhi an saoghal fada indan dó.
    Abhruigheann cuidh de na daoine gur chur an stoirm mhór giorrachan saoghal ar cuidh de na daoine
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. doineann (~1,727)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraich Ó Máille
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe