Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)

Suíomh:
Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Hannraoi Ó Coinnigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 125

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 125

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Mór Iata
  2. XML Leathanach 125
  3. XML “Seancheirdeanna na hÁite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí go leor ceirdeanna ag na daoine fadó acht níl síad mar na ceirdeanna ata acú anois. Bhíod na mná ag sniomh agus ag cardál nuair a bheith an snáithe sníomhta acú deilbaidís é agus nuair a bheith sé deilbhta acú comhaireamhaidís é agus chaithfead fiche is cúig snaithe dubhailte a beith thart ar an gcrann. Dearfhaidís gur céad a beith ann agus mar a mbéadh sé acú ní bheith leithead san mbreidín. Thiubarfhadh siad é sin chuig an bfígheador go bfiadad sé doibh é. Taghfhadh corr duine uasal ag bádóreacht ar na locanna agus geobfad na daoine págh chuile seachtmhain ó na daoine uaisle. Bé an sórt ceap a bhíod acú ceap admuid agus an sort cos a bhí as bos iarrainn. Na daoine a bhíod in aice na fairrge théigheadh siad amach ag iascareacht agus na scadán a gheobhfadh síad iad ar na margaid lé na daoine a bhí i bfad ón bfairrge. Bhíod cuid eile acú ag deanamh cleibh chaitfhead síad na slataí a chur ins an Earrach agus bhainfhidís ins an bfóghmhair agus déanann síad cleibh dóibh. Ní raibh aon bróg ag na daoine fadó sé'n sort a chaithfhidís in ionad bróghaí troighthíní. Bhíod cuid den na fir ag fiadach agus ag marbú coiníní, cearcaí fraoig agus sionnaigh agus dhiolfadh síad iad ar na h-aontaí. Bhíod cuid eile ag nígheachán caorach ins na locanna agus ins
    h-aibneacha agus bhíod an olann go maith agus go glan agus beith sé daor freisin. Ní
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Maighréad Seóige Thomáis
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Uillinn Thiar, Co. na Gaillimhe