Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 249

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 249

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 249
  3. XML “Scéalta Crábhaidh”
  4. XML “Scéalta Crábhaidh - Scéal faoi <span class="exact">Naomh</span> <span class="exact">Bríd</span>”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí an Maigdean glómhar lá ar a teiceadh agus bhí saigdúirí ar a toír. Bhí Iosa i na cóta aici. Nuair a bhí píosa mór bothair siubalta aice connaich sí fir ag obair i ngarrda lé taobh an bothair Cuir sé "Bail Ó Dia orta" Chuaidh sí go dtí iadh agus dubhairt sí leobh da dtéigach na saigdiuri ar a tóir gan innseach dóibh go bhfaca siad í féin. Ní ráibh sé i bfad go dthaínigh na saigdiúrí ar a tóir d'iarruigh siad d'on na fir a bhí ag obair san ngarrdha an bfaca siadh aon bean ag dul thart a ráibh paisté ina báclainn aicé. Dubhairt siad nach bhfaca. Dimigheadhar leo annsin. Ní ráibh sé i bfad nó go bhfaca an Maighdean Muire iad ag teacht i na diaidh Cuaidh sí isteach i n-áit a ráibh go leór breab i bfolach ach nuair a bhí na saighduirí ag dul thart connaich siad í. Chuaidh siadh go dtí í agus dfiaruigh siad de ceard a bhí ins an naprún aicí. Dubairt sí gur úan óg agus leag sí síos ins na breabh a bhí le na taobh é Nuair a connaic na saigduirí gur uan a bhí ann thógadar é agus leagadar isteach i na naprún é arist agus cheapadar gur bean bocht a bhí inntí agus dubhradhar leití imteacht. D'imtigh sí agus i lán de atás agus d'iompuigh an t-úan i na paisté arist.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. San am fadó bhí bó ag Naom brigidh agus ní raibh aon talamh aicí cun i a beatú. Táinigh fear go dtí í lá agus d'fiaruigh sé de an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Bríd (~124)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorca Ní Cheanndhubháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe