Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0444

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0444

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0444
  3. XML “Bóirne Mór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an Feanabán nár mhiste leis. - Bhuel, adeir Bóirne, tá cultacha airm agus claidhmhí an bháire mharbhuigh tú orm annsin agus breathnuigh cé an ceann acu atá ceart agat. D'imthigh an Feanabán agus d'fhéach le 'chuile chlaidhmhe agus nr. a bhuaileadh sé 'chuile phéire faoi n-a chéile bhriseadh sé iad go deó nó gur casadh an péire deireannach air. Ach an uair seo níor bhris sé aon cheann acu agus cé'n péire beadh ann ach an dhá claidmhe bhí ag a athair, .i. Dearg Mór. Rinne sé an rud céadna leis an éadach nó gur chas éadach a athar leis, agus ba é sin an t-éadach céadna a bhí ceart aige. Agus uaidh sin thosaigh an comhrac troda agus faoi dheireadh mharbhuigh Feanabán Bóirne. Ach má mharbhuigh b'éigin dó imtheacht len' anam agus a dhul isteach sna coillte é féin 's a mháthair.
    Aon lá amháin agus iad sna coillte casadh fear dóibh agus d'iarr máthair Fheanabáin air áit a dhéanamh isteach i gcrann a bhí ins an gcoill leis an tuagh a bhí aige. Rinne sé amhlaidh agus nuair a bhí sé réidh bhreathnuigh an bhean isteach san bpoll agus dubht. sí leis go raibh cnaipín beag fágtha aige istigh leis an druim. D'iarr sí an tuagh air go mbainfeadh sí féin as an cnaipín. Thug sé di an tuagh agus dubht. sí leis breathnú isteach ann nó go bhfeicead sé an cnaipín, agus nr. a chuir sé a chloigeann isteach ní dheárna sise ach a chloigeann a bhaint dhó leis an tuagh. Sin é an sean-fhocal "ag baint an tuagha as laimh an tsaoir. 'Sé'n fáth ar marbhuigh sí é ar fhaitchíos go n-innseóch sé dh'aon nduine go mba sna coillte bhí sí a' fanacht.
    Nuair a bhí tamall curtha thart acu sna coillte
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Mac Thuathaláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    26
    Seoladh
    An Teach Mór, Co. na Gaillimhe