School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0444
- XML “Bóirne Mór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an Feanabán nár mhiste leis. - Bhuel, adeir Bóirne, tá cultacha airm agus claidhmhí an bháire mharbhuigh tú orm annsin agus breathnuigh cé an ceann acu atá ceart agat. D'imthigh an Feanabán agus d'fhéach le 'chuile chlaidhmhe agus nr. a bhuaileadh sé 'chuile phéire faoi n-a chéile bhriseadh sé iad go deó nó gur casadh an péire deireannach air. Ach an uair seo níor bhris sé aon cheann acu agus cé'n péire beadh ann ach an dhá claidmhe bhí ag a athair, .i. Dearg Mór. Rinne sé an rud céadna leis an éadach nó gur chas éadach a athar leis, agus ba é sin an t-éadach céadna a bhí ceart aige. Agus uaidh sin thosaigh an comhrac troda agus faoi dheireadh mharbhuigh Feanabán Bóirne. Ach má mharbhuigh b'éigin dó imtheacht len' anam agus a dhul isteach sna coillte é féin 's a mháthair.
Aon lá amháin agus iad sna coillte casadh fear dóibh agus d'iarr máthair Fheanabáin air áit a dhéanamh isteach i gcrann a bhí ins an gcoill leis an tuagh a bhí aige. Rinne sé amhlaidh agus nuair a bhí sé réidh bhreathnuigh an bhean isteach san bpoll agus dubht. sí leis go raibh cnaipín beag fágtha aige istigh leis an druim. D'iarr sí an tuagh air go mbainfeadh sí féin as an cnaipín. Thug sé di an tuagh agus dubht. sí leis breathnú isteach ann nó go bhfeicead sé an cnaipín, agus nr. a chuir sé a chloigeann isteach ní dheárna sise ach a chloigeann a bhaint dhó leis an tuagh. Sin é an sean-fhocal "ag baint an tuagha as laimh an tsaoir. 'Sé'n fáth ar marbhuigh sí é ar fhaitchíos go n-innseóch sé dh'aon nduine go mba sna coillte bhí sí a' fanacht.
Nuair a bhí tamall curtha thart acu sna coillte(continues on next page)- Informant
- Pádhraic Mac Thuathaláin
- Gender
- Male
- Age
- 26
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway