Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear fadó ann agus fadó bhí agus phós sé agus cailleadh a bhean agus ní raibh aige ach aon inghean amháin. Nuair a cailleadh a bhean d'fhága sí le h-údhachta gan eisean aon bhean a phósadh ach an bhean a bhfeilfeadh an fáinne di. D'imthigh sé lá'r na mháireach agus bhí sé ag imtheacht agus ag síor-imtheacht ach ní bhfuair sé bean ar bith a bhfeilfeadh an fáinne di. Chaith sé i gcluid na móna é agus chuir an inghean uirthi an fáinne agus sé a bhí ceart aici. "Mo chrádh agus mo mhíanna," adeir sé "gur tusa mo bhean-sa!" Chuaidh sí amach chuig tóin an tighe agus thosuigh sí ag caoineadh agus ag sgreadach. Tháinig an spideóigín go dtí í agus thug sí ag toimín luachra í agus bhain sí trí chóitín luachra agus rinne sí iad. Thug sí léithi í agus chuir sí isteach i dteach mór í i na cailín agus ní fhaca tú ariamh aon(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Colm Ó Dioláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Churraidhín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Coill Rua Thiar, Co. na Gaillimhe