Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0230

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0230

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0230
  3. XML “An Fear Antlásach”
  4. XML “Sióga ag Baint Coirce”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an mbeadh díol na bliadhna agam." Thug sé leis an poitín agus chomhairigh sé trí phoitín lé gach lá. Nuair a bhí a ndeireadh comharta bhí dóithin na bliadhna g'fhataí* aige acht aon phota amháin. Dubhairt sé leis hi
    féin go gcuirfeadh sé an trioblóid dhó. Níor chuir sé pota ar bith síos an oidhce sin. Chuaidh sé a chodladh i na throsgadh. Ba é deireadh an sgéil é go raibh sé cáillte ar maidin.
    *"gataí."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear ag baint choirce lá fadó agus d'fhan sé go maidin sa ngarrdha. Bhí sé ag baint leis nó go dtáinig plód daoine anoir an bóthar. Isteach leó sa ngarrdha. Thosaigh siad ag baint. Nuair a bhí an coirce bainte aca, tosuigh siad dhá bhualadh. Nuair a bhí sé buailte thosuigh siad ghá cháthadh. Nuair a bhí sé cáithte chuireadar i málaí é. D'imthigh na daoine in a mbealach agus chuaidh an fear abhaile. Nuair a d'éirigh sé ar maidin bhí an coirce mar bhí sé cheana ach an méid a bhí bainte aige féin!
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Cúláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Teach Mór, Co. na Gaillimhe