Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0236

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0236

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0236
  3. XML “An tÓr i bhFolach”
  4. XML “An tÓr i bhFolach timpeall Chnocán an Ghréasain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ní raibh sé i ndon dul chomh fada leis. 'Sé an cúnntas a thug sé dóibh: "Soir ó Chnocán a' Léasáin atá sé curtha ar aghaidh na gealaighe." Sin é mo chuid-sa seanchuis faoí. Acht go bhfuil sé ráidhte nár fríothadh ariamh é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. An t-ór i bhfolach timpeall Chnocán an Ghréasáin.
    Mícheál Ó Fátharta (14 bl) Cnoc na n-Aille do sgríobh síos ó na mháthaor Brighid Ní Fhátharta.
    Fadó riamh a lá bhí lánamhain ina gcomhnaidhe in áit an-uaigneach ar an mbaile s'againn-ne. Aon mhac amháin a bhí acu agus bhí cion an domhain ag a mháthair air. Bhí go leór óir acu agus sé an áit a raibh sé ná i gcroiceann searaigh faoin leabadh. Tógadh an mac go maith agus nuair a bhí sé ina fhear óg bhí sé an-chaithmheach. Bhíodh an t-athair i gcómhnaidhe ag troid leis mar gheall air, ach bhí an oiread cion ag a máthair air go mbíodh sí ag tógáil a pháirt agus tugadh sí corr ghiní dó le na shásadh.
    Air aon lá amháin chuir an mac an oiread feirge ar a athair gur thug sé leis an croiceann searaigh ó'n leabadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Fátharta
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Seoladh
    Na hAille, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Brighid Ní Fhátharta
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na hAille, Co. na Gaillimhe