School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0263

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0263

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0263
  3. XML “An Triúr Iníon”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus bhí triúr inghean aice. Bhíodar an-bhocht agus mar sin aon lá amháin dubhairt an inghean ba shine go rachadh sí ar aimsir. "Déanfaidh sin adeir an mháthair tabhair leat an bodhrán chuig an tobar agus tabhair chugam an méid uisge agus a dhéanfas an cáca mór agus mo mhallacht agus an cáca beag agus mo bheannacht. Thug an inghean ar ais an t-uisge agus rinne an mháthair an dá cháca. Nuair a bhíodar déanta, agus bácáilte dubhairt an mháthair, "Anois, adeir sí, leis an inghean "cé aca a thóigfeas tú an cáca beag 's mo bheannacht nó an cáca mór agus mo mhallacht!" "Cé an mhaith a dhéanfas an cáca beag agus do bheannacht dhom-sa" adeir an inghean, "tabhair dhom an cáca mór agus do mhallacht." Thug, agus d'imthigh leis an inghean. Chuaidh an mháthair suas go barr an tighe agus níor stop sí ag cur mallachtaí leis an inghean gur imthigh sí as a h-amharc.
    Nuair a tháinic ocras ar an inghin shuidh sí síos ar chnocán agus sí ag ithe. I gcionn tamaill tháinic gadhairín chuice agus d'iarr sé páirt uirthi. "Ara, a cheoláin ghránndha ar sise "sáthach gann atá sé agam féin agus gan cuid a thabhairt dhuit-se." Nuair a shíl sí an ghreim deiridh a leigeann síos sheas sé i n-a sgórnach agus is beag nár
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    AT0480: The Spinning‑Women by the Spring. The Kind and the Unkind Girls.
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Age
    13
    Address
    Cor na Rón, Co. na Gaillimhe