Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí triur inghean aige. Phós an bheirt a b'óige acu agus ní raibh fear ar bith 'ghá pósadh seo, bhí sí chomh droch-mhúinte sin. Tháinig sé seo ghá h-iarraidh faoi dheireadh agus phós sé í, agus ní bhfuair sé aon locht uirthi. D'imthigh leó. Nuair a bhíodar ag dhul thar abhainn d'eirigh giorrfhiaidh. Lean an chú é. Leig sé fead uirthi ach níor tháinic sí. Chaith sé an chú. - Cé'n ciall duit sin a dhéanamh? ar sise.
Bhí sé ag dul thar abhainn ansin. Chuir sé an capall amach ag ól deoch. Ní dhearna an capall a chomhairle. - Téirigh anuas, adeir sé leis an mbean. Tháinic. Chaith sé an capall. -Chuir an diallaid ar do dhruim anois, adeir sé. Chuir, agus thug sí abhaile í.
Thug an t-athair cuireadh dóibh annsin a theacht ar dinnéar ar a gcuairt mhíosa. Tháinig. Chuaidh an triúr inghean ag imirt chártaí ansin. Chuir an triúr fear annsin geall cé'n bhean ba éasga a thiocfadh nuair a ghlaoidhfidhe uirthi. Dubhairt an fear seo gurab í a bhean féin í.
Ghlaoidh an chéad fhear a phós ar a bhean. - Fan go n-imreó mé an lámh seo, adeir sí. Nuair a bhí an lámh imrighthe tháinic sí anall. - Teirigh anonn anois níl aon ghnoithe agam dhuit, adeir sé.
Ghlaoidh an dara fear ar a bhean féin. Níor tháinic(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Ó Dioláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Máirtín Frainc Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Coill Rua Thiar, Co. na Gaillimhe