Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear fadó ann agus bhí mac aige. Ní raibh an mac ag déanamh a chomhairle. Nuair a bheadh a athair ag casaoid air bheadh a mháthair ag tógáil a pháirte. Bhíodh sé ag goid agus ag ól. Bhuail speidhear an t-athair. D'eirigh sé 'na shuidhe agus rug sé ar chraiceann searraigh bhí faoi an rata aige. D'fhuaigh sé é agus rinne sé mála dhó agus chuir sé a chuid giniúchaí isteach ann. Cheangail sé suas é gur thuit an oidhche. Thug sé leis fear muinntreach gur chuir siad i dtalamh é. Tháiniceadar abhaile. Faoí cheann dhá oidhche bhí faitchíos ar an bhfear muinntreach go ngoidfidhe an t-airgead uatha agus go mbeadh sé féin ciontach. Chuaidh sé go dtí é agus thug sé leis é gur thóig an fear ar leis é an t-airgead arís. Chuir sé soir le cladach as féin é agus d'fhan an fear muinntireach san áit ar thóig siad é agus eisean ag crochadh leis soir as a amharc. Bhailigh sé Cnocán a' Léasáin atá síos sna h-Aille, as amharc. Ní raibh fhios ag an bhfear muinntireach níos mó faoi.
Nuair tháinic an bás ar fhear an airgid[ghréasáin](leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eoghan Ó Neachtain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Beag, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Neachtain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe