Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0409

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0409

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0409
  3. XML “An Íocfadh sin thú?”
  4. XML “Cloch na hEasóige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    duine aca, "bhfhéidir nach bhfuil tú dhá iompughadh ceart," d'iompuigh sé amach é agus bhuail sé ar an mbord é, acht ní raibh aon maith dhó ann. Chuir an t-óstóir fios ar na Gárdaí agus chaitheadh isteach i bpríosún iad.
    Liam Ó Fatharta d'aithsgríobh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá cloich ar an mbaile seo - againn-ne agus 'sé an t-ainm a tugtar uirthi "Cloch na h-Easóige." Bhíodh neadracha déanta fúithe ag easógaí. Bhí fear 'na chomhnaidhe ar an mbaile san am chéadna ar a dtugaidís Micil Mór. Bhí faitchíos a chroidhe ar an bhfear seo go síolróchaidís agus nach bhfágfaidís cearc ná lacha ar an mbaile. Chuaidh sé suas tráthnóna amháin nó gur chuir sé ceann amháin amach ó'n gcloich agus mharbhuigh sé í. D'imthigh sé abhaile annsin ach lean ceann de na sean-easógaí anuas é.
    Chuaidh sí isteach sa teach go dtí é agus shíl sí é mharbhughadh ach bhí mada maith aige agus thiomáin sé amach í. San oidhche lá'r na bháireach tháinic an easóg arís agus níor fhág sí ceann de'n ál éanacha géabha a bhí sa teach nár mharbhuigh sí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Teach Mór, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Colm Ó Cúláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Seoladh
    An Teach Mór, Co. na Gaillimhe