Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0240

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0240

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0240
  3. XML “An Pota Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear i gConamara fadó agus oidhche amháin tháinig neach aige agus é na chodladh agus séard a dubhairt an neach leis a ghabháil go dtí droichead áithrid i Luimneach agus go bhfuigheadh sé pota óir ann.
    Maidin lá ar na bhárach d'imthigh leis go dtí droicheadh Luimnighe. Bhí sé ag siubhal ar an droichead go raibh a chosa caithte. Faoí dheire chas fear dó ar an droichead. "Ó," adeir an fear, cé'n sórt amadán thusa a chaith do chosa ag súil leis an bpota óir sin? Chaith mise Earrach mór fada annsin ag iarraidh an phota sin agus ní bhfuair mé é. "Bhí sin ceart go leór; níor chaill fear Chonnamara a mhisneach. Is gearr gur chas sean-bhróg ar an droichead dó agus bhí páipéirín innte agus séard a bhí sgríobhtha ar an bpáipéirín: "Gabh go dtí do theach fhéin agus cúpla coiscéim ó do dhoras tá leic chruinn ann agus tóig an leic sin, tá pota óir fúithi agus tabhair leat é." Thóig an fear leis an puta agus an leic. Bhíodh muinntir an tighe ag déanamh úsáide don leic. An lá seo bhí sgoláire bocht ag dul thart agus chonnaic sé an leic, bhí rud sgríobhtha uirthi agus ní raibh mórán indon é léigheadh. Léigh an sgoláire an rud a bhí ar an leic. 'Séard a bhí ar an leic, "Ní feárr an taobh seo do'n chlaidhe ná an taobh eile." Nuair a chuala an fear é sin chuaidh sé amach agus thóig sé leic eile agus fuair sé pota eile óir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Innéacs seanscéalta
    AT1645: The Treasure at Home
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán S. Ó Cúláin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cúláin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40
    Seoladh
    An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe