Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a tháinig an mac go dtí'an teach a raibh sé ag déanamh air tugadh an cailín aimsire dhó. Thug sé leis go dtí an choill í. - Céárd a dhéanfas muid de'n áit seo? adeir sé. -Áit nighte soithighe, adeir sise. - Ní tusa mo bhean, adeir sé.
Chuaidh sé ar ais arís agus fuair sé an inghin. Thug leis go dtí an choill í. - Céard a dhéanfas muid de'n áit seo? adeir sé. - Caisleán, ar sise... Rinneadar caisleán ann. Rugadh triúr mac dóibh. Thugadh mada leis gach duine acu tar éis a bheirthe.
Lá amháin dubhairt sé leis an mbean (mar bhí droidheacht air) go bhfaigheadh sí a triúr cloinne sa teach sin thíos. Fuair agus fuair sí rud ó gach duine acu le í a shábháil an uair is mó bheadh sí i ngéibheann.
Rinne an t-athair éan dó féin agus amach leis ar an bhfairrge. [Cho]naic sise bád ag d. thart. Bhlaoidh sí air agus thug sé leis í.
Nuair a shroich sé talamh ar an taobh thall rinneadh fear arís ar ais dó. Chonnaic sé an chailleach agus an bhanríoghan ar an tower. Nuair a chonnaic siadsan é thuiteadar anuas in aon mheall amháin... Níor chuimhnigh seisean ar aon cheo a thárla dhó ariamh, ar a bhean ná ar a chlann. Phós sé arís. Théigheadh an bhean suas annsin gach oidhche ag comhrádh leis, ach thugadh an dara deoch suain dó sa gcaoi nach n-airigheadh sé aon rud arís go maidin... An treas lá d'fhiafruigh an buachaill dó cé'n sórt bhean í sin a thagadh san oidhche ag comhrádh leis. - Níl fhios agm, adeir sé. - A' bhaghann tú aon deoch(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Ó Dioláin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máirtín Frainc Ac Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe