School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0225

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0225

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0225
  3. XML “Mac Rí, Leasmháthair srl.”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair a tháinig an mac go dtí'an teach a raibh sé ag déanamh air tugadh an cailín aimsire dhó. Thug sé leis go dtí an choill í. - Céárd a dhéanfas muid de'n áit seo? adeir sé. -Áit nighte soithighe, adeir sise. - Ní tusa mo bhean, adeir sé.
    Chuaidh sé ar ais arís agus fuair sé an inghin. Thug leis go dtí an choill í. - Céard a dhéanfas muid de'n áit seo? adeir sé. - Caisleán, ar sise... Rinneadar caisleán ann. Rugadh triúr mac dóibh. Thugadh mada leis gach duine acu tar éis a bheirthe.
    Lá amháin dubhairt sé leis an mbean (mar bhí droidheacht air) go bhfaigheadh sí a triúr cloinne sa teach sin thíos. Fuair agus fuair sí rud ó gach duine acu le í a shábháil an uair is mó bheadh sí i ngéibheann.
    Rinne an t-athair éan dó féin agus amach leis ar an bhfairrge. [Cho]naic sise bád ag d. thart. Bhlaoidh sí air agus thug sé leis í.
    Nuair a shroich sé talamh ar an taobh thall rinneadh fear arís ar ais dó. Chonnaic sé an chailleach agus an bhanríoghan ar an tower. Nuair a chonnaic siadsan é thuiteadar anuas in aon mheall amháin... Níor chuimhnigh seisean ar aon cheo a thárla dhó ariamh, ar a bhean ná ar a chlann. Phós sé arís. Théigheadh an bhean suas annsin gach oidhche ag comhrádh leis, ach thugadh an dara deoch suain dó sa gcaoi nach n-airigheadh sé aon rud arís go maidin... An treas lá d'fhiafruigh an buachaill dó cé'n sórt bhean í sin a thagadh san oidhche ag comhrádh leis. - Níl fhios agm, adeir sé. - A' bhaghann tú aon deoch
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0707: The Three Golden Sons
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Ó Dioláin
    Gender
    Male
    Informant
    Máirtín Frainc Ac Confhaola
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway