School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teacher:
M. Ó Catháin, Bean Uí Chatháin, T. Ó Séaghdha

Filter stories

Back
/ 0462 Forward
Resolution: Low | High
Cóitín Luachra

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0443

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear fadó ann agus fadó bhí agus phós sé agus cailleadh a bhean agus ní raibh aige ach aon inghean amháin. Nuair a cailleadh a bhean d'fhága sí le h-údhachta gan eisean aon bhean a phósadh ach an bhean a bhfeilfeadh an fáinne di. D'imthigh sé lá'r na mháireach agus bhí sé ag imtheacht agus ag síor-imtheacht ach ní bhfuair sé bean ar bith a bhfeilfeadh an fáinne di. Chaith sé i gcluid na móna é agus chuir an inghean uirthi an fáinne agus sé a bhí ceart aici. "Mo chrádh agus mo mhíanna," adeir sé "gur tusa mo bhean-sa!" Chuaidh sí amach chuig tóin an tighe agus thosuigh sí ag caoineadh agus ag sgreadach. Tháinig an spideóigín go dtí í agus thug sí ag toimín luachra í agus bhain sí trí chóitín luachra agus rinne sí iad. Thug sí léithi í agus chuir sí isteach i dteach mór í i na cailín agus ní fhaca tú ariamh aon

(continues on next page)
Collector
Colm Ó Dioláin
Gender
male
Age
14
Informant
Sorcha Ní Churraidhín
Gender
female
Age
75
Address
Kilroe West, Co. Galway
Language
Irish