School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0421

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0421

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0421
  3. XML “Samhlaoid agus Comharthaíocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Samhlaoid agus Comharthaidheacht.
    Éamonn Ó Finneadha d'innis.
    Tadhg Ó Séaghdha do scríobh síos uaidh, samhradh na bliadhna 1929.
    Comhnuigheann Éamonn i dteach an phosta sa lochán beag, Indreabhán.
    Tá go leór seanchasa aige i dtaobh na sean-aimsire, ach tá sé ag eirighe sean anois agus tá na fiacla caillte aige agus níl sé an-éasgaidh é thuiscint mara mbeidhtheá 'na chleachtadh. Ó'n bhfigheadóir, de mhuinntir breathnuigh, (vide Peadar Chois Farrge) agus ó chomhradaí an fhigheadóra agus na sean-iondúirí bhí i mbaile an Tighe Móir agus sa lochán beag le linn dó féin agus do Pheadar 'ac Cúláin a bheith ag tigheacht suas 'seadh fuair Éamonn a bhfuil de bhéal-oideas aige. Tá sé ag lonnú san áit a bhfuil sé ón óige. Tá sé anois ag teannadh isteach le ceithre sgóin.
    Triúr dearbhráthar agus deirbhriúr a bhí ann agus tháinic fear agus thug sé leis an deirbhriúr. Faoi cheann bliadhna d'imthigh an driotháir is sine ar a thóraidheacht. Tháinic sé isteach sa teach a raibh sí ann agus bhí raca aici a'réidhtheach a cloiginn nuair a tháinic sé. Chuir sé coirt ar an mbean i dtaobh a fir.
    -"Ní fiafraighim dó cá dtéigheann sé," adeiran bhean.
    "Tagann sé chuile oidhche is a naipcín póca 'sé reóidhte le fuil. Sé'n obair a bhíos agam é sin a nigheachán agus é bheith tirm faoi n-a chomhair ar maidin."
    Is gearr go gcuala sé ceól. Dubht sise - "Tá an ceól sin ag tigheacht ar an tsráid againn." 'Séar'd a bhí ann ná beithigh bainne agus an ceol 'na gcuid adharca.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0471: The Bridge to the Other World
    Language
    Irish
    Collector
    Tadhg Ó Séaghdha
    Gender
    Male
    Informant
    Eamonn Ó Finneadha
    Gender
    Male
    Age
    72
    Address
    An Lochán Beag, Co. Galway