School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0299

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0299

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0299
  3. XML “Donnchach Domhnaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí duine uasal na chomhnaidhe san áit seo fadó agus ní raibh aige ach an t-aon mhac amháin. Ag fiadhach ar na sléibhte a chaitheadh an mac a shaoghal agus is minic nach dtagadh sé abhaile ó mhí go mí. Chodhluigheadh sé i dteach eicint ar na tamhnachaí. Bhíodh capall aige le h-aghaidh gach lá, an capall a bheadh indiu aige ní hí a bheadh imbáireach aige. Bhí cú agus guna freisin aige. Uair amháin thárla go ndeachaidh dhá eala bhána thairis siar san spéir. Chuimhnigh sé go n-ísleóchaidís ar a leithéide seo de loch. Ní dheárna sé ach a ghuna do leagan ar thulán agus dubhairt sé le na chú fanacht dá bhfaireadh. D'éalaigh seisean tré chnuic agus gleannta nó go dtáinig sé comhgarach do'n loch. Chonnaic sé beirt bhan álainn ghá nigheachán féin san uisge, agus a gcuid bratacha geala leagtha ar an mbruach acu. Bhí sé ag imtheacht ar a bholg choidhchin 's go deó nó gur eirigh leis na bratacha árdú uatha i ngan fhios. Nuair a bhí siadsan réidh ní raibh na bratacha le fagháil agus d'imthigheadar ag cuartughadh nó go dtáinig siad leisean. Dubhradar go dtiubhraidis dó gach a n-iomcharóchadh sé d'airgead ach na bratacha do thabhairt dóibh. Ach ní raibh seisean sásta. Annsin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0517: The Boy who Learned Many Things
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Informant
    Lochlainn Ó Cúláin
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Male
    Age
    57