School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0235

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0235

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0235
  3. XML “Rí Alban agus Iníon Rí an Domhain Thiar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Aon uair amháin bhí rí i n-Albain agus thagadh go leór daoiní uaisle ar cuairt chuige agus ní'l aon uair dá mbíodh siad aige nach mbíodh dinnéar faoi na gcomhair aige. Agus mí-thráthamhail go leor thagadh giorrfhiadh ar an mbord agus chuireadh sé an biaidh trí n-a chéile. Ach an t-am seo dubhairt an rí leis an ngiolla a bhí aige an giorrfhiadh do leanacht leis an each bán in a dhiaidh le luas (cor) cos, agus stad ná stopadh ní dheárna sé nó go dtáinig sé suas leis an ngiorrfhiadh ag béal geata san Domhan Thiar. Rug sé air agus bhuail sé a chloigeann faoi'n mballa agus tháinig sé ar ais leis go dtí an rí, go h-Albain.
    Bhí an-ríméad ar an rí faoi an ghiorrfhiadh a ghabháil.
    Nuair a shroich an giolla an Domhan Thiar casadh bean áluinn air agus bhain sé trí dhlaoi as a cuid gruaige agus thug sé leis go h-Albain iad. Aon lá amháin chuaidh an giolla amach ins an stábla agus do las lé an ghruaig. Chonnaic an rí é
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0531: Ferdinand the True and Ferdinand the False
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Ac Thuathaláin
    Gender
    Male
    Informant
    Padhraic Ac Thuathaláin
    Gender
    Male
    Age
    26
    Address
    An Teach Mór, Co. Galway