School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0229

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0229

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0229
  3. XML “An Bhean a Tugadh Ar Ais”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Théigheadh ceannaidhe capall siar go Connamara fadó, agus go deimhin gach aon seachtmhadh bliadhain a théigheadh sé siar. Chuile oidhche dhá dtagadh sé i dteach an fhir seo a chuireadh sé faoi. Tháinig sé an t-am seo agus ní raibh bean an tighe ann. Bhí sí caillte. D'imthigh an ceannaidhe agus dubht. sé nach mbeadh sé i bhfad go mbeadh sé ar ais arís. D'imthigh leis agus ní dheárna stad ná comhnaidhe nó gur sheas sé thíos i gCo. Mhuigheó... Tháinig sé ar ais agus d'innis d'fhear Chonnamara gur cosamhail le n-a bhean a bhí thíos i gCo. Mhuigheó.
    D'imthigh an bheirt acu síos. Chuadar chuig an teach seo. Ba ghearr gur imthigh an mac agus an ceannaidhe amach a fiadhac agus d'fhan an dá shean-dhuine istigh ag sáraidheacht ar a chéile.
    Deir fear Chonnamara: - Dhá n-imthigheadh caora uait-se agus dá bhfuigheadh duine í ar cheart dó í thabhairt ar ais? Dubht. an fear thíos gur cheart... B'éigean dó a bhean féin a thabht. d'fhear Chonnamara.
    Nuair a tháinic an mac isteach dubht. sé le fear Chonnamara nach mbeadh a bhean le fagháil aige marach é féin: nuair a chuaidh sé amach ag iarraidh buicéad uisge go bhfuair sé thuas ar bharr an chrainn í agus go dtug sé isteach í agus gurab shin é an chaoi 'bhuair sé féin í.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Ó Dioláin
    Gender
    Male
    Age
    13
    Informant
    Máirtín Fhrainc Ó Conghaola
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Coill Rua Thiar, Co. Galway