School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0285

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0285

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0285
  3. XML “An Sonas i nDiaidh na Simplíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí triúr dearbhráthar ann fadó agus bhíodar roinnt saidhbhir go maith. Dhá uair sa t-seachtmhain théigheadh beirt aca chuig an mbaile mór le dhá chárr cruithneachtan. Bhí duine de'n triúr simplidhe agus ba é sin an duine a d'fhágadh an bheirt eile ins an mbaile. Tráthnóna amháin agus iad ag teacht ó'n margadh d'éirigh beirt ghadaidhe amach chuca agus bhíodar leis an robáil a dhéanamh acht gur thugadar faoí deara go raibh beirt mhaith láidre i ndiaidh na gcarranaí. Is amhlaidh a d'iarradar isteach i dteach ósta iad go mbeadh cluiche cártaí aca acht ní rachadh an bheirt isteach leó.
    An chéad uair eile a rabhadar le dhá chárr cruithneacht a chur ar an margadh níor fhéad siad féin a dhul ann agus mar sin chuireadar an fear simplidhe leó. Nuair a bhí an chruithneacht díolta aige bhuail sé abhaile. Ins an spota céadhna casadh na robálaidhthe leis agus d'iarr siad air a dhul isteach i n-éindigh leó go mbeadh cluiche cártaí aca. "M'anam go dtiocfad" ar seisean, "is mé atá deas air." Isteach leó agus ar dtús d'ól siad cupla pionta, annsin thosuigh siad ag imirt. Bhíodar ag imirt go deó go raibh luach an dá chárr chruithneachta cáillte aige, annsin chuir sé leó an dá chárr agus an dá chapall agus cháill sé iad sin freisin. Bhí fhios aige go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Informant
    Tadhg Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Age
    30
    Address
    Cor na Rón, Co. Galway