School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí rí ann fadó agus ní raibh aige ach aon mhac amháin. Cailleadh a mháthair nuair a bhí sé an-óg. Dubhairt an mháthair agus í ag fágháil bháis gaon aon duine(sic) a chuir ós cionn an mhic. Nuair bhí an mac mór cuireadh chuig coláiste é. Nuair a bhí sé imthighthe phós an rí in ath-uair. Tháinic an mac abhaile agus bhí féin agus an bhanríoghan an-mhór le chéile. An lá seo, nuair a bhí an rí amuigh ag fiadhach bhí cailleach ag siubhal an t-sráid agus chonnaic sí an mac agus an bhanríoghan. "B'fhéidir", adeir sí, "gurab é sin a chuirfeadh de ("go") do chois fós thú bádh chóra dhuit fagháil réidh in am leis."
Nuair a tháinig siad isteach chuadar ag imirt. Ghnóthuigh an mac a chéad chluiche. Ghnóthuigh an bhanríoghan an dara ceann. - Cuirim faoi gheasa thú, adeir sí, a dhul agus a leithéide seo d'inghin a phósadh.
- Cuirimse faoi gheasa thusa, ar seisean, tú féin agus an chailleach cearc a dhul suas go barr an tower sin amuigh agus gan greim le n-ithe agaibh ach an gráinnín a bhéas ar barr an deis eorna agus gan deóir le n-ól agaibh ach an braoinín a thuiteas as an aer isteach in a (bhur) mbéal.
D'imthigh leis féin ar a chapall. Nuair a bhí sé ag siubhal sgaith' casadh an t-athair leis agus é féin agus righte eile ag fiadhach. D'aithin an t-athair é. - Ó is cosamhail adeir sé(continues on next page)- Collector
- Colm Ó Dioláin
- Gender
- Male
- Informant
- Máirtín Frainc Ac Confhaola
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway