Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0226

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0226

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0226
  3. XML “Seán Nuala agus an Giorria”
  4. XML “Maidin Bealtaine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fiachta arís go bráthach.
    Caitheadh na bliadhanta. Ní dheachaidh Seán ag fiadhach. Deich mbliadhana ó'n lá deireannach a bhí sé ag fiadhach bhí gnaithe eicint aige go Co. an Chláir. Bhí sé ar an mbealach abhaile. Casadh sean-chailleach dó. "Go mbeannuighidh Dia dhuit, a sgolóig", ar sise. "Dia agus Muire dhuit," ar seisean. "An aithnigheann tú mise, nó a bhfaca tú ariamh mé?" ar sise. "Muise go deimhin ní fhacas agus ní aithnighim thú ach an oiread," adeir Seán. "Bhuel chonnaicis ach b'éidir nach n-aithnigheann tú mé anois" adeir an chailleach. "Nach raibh a lá ann go raibh tusa ag fiadhach agus gur dhúisigh tú giorrfhiaidh gur chaith tú an tráthnóna dá fhiadhach ach nár mharbhuigh tú é, go ndeachaidh tú suas lá'r na bháireach arís agus nár mharbhuigh tú é?" "Bhí" ar seisean. "Ba mise an giorrfhiaidh sin agus dá mharbhuightheá é sin bhí tú féin marbh ar an spota. Ach ó thárla nach ndearna tú sin tiubhraidh mise do luach saothair go maith dhuit" adeir sí. Chuir sí a lámh isteach faoí chloich a bhí ann agus thóig sí amach bróig áluinn óir. "Seo anois," adeir sí, "agus ní fheicfidh tú aon lá bhochtanacht choidhchin."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Is aoibhinn liom ceileabhar na n-éanl(aith) ar a' gcrann
    Gach maidin chiúin álainn 's mé 'spágáil sa drúcht
    Is bíodhgann mo chroidhe agus m'intinn le h-á's (áthas)
    Nuair a dhearcaim an tráth sin na gleannta 'mach romham;
    Gach pabhsae a' guineadh 's a borradh go breágh,
    Is grian gheal na Bealtain' ag ardú aníos,
    Gan sgamall, gan smúit ar a' spéir in aon áit
    Ó céad míle fáilte roimh áilneacht a' tsaoghail.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seosamh Ó Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    27
    Seoladh
    Baile na mBrobhach, Co. na Gaillimhe