Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Port Omna
- XML Leathanach 0279
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Ní thig liom é a ghiorrachan" arsan mac, acht siubhal go tapaidh.
Bhí díombáidh ar an nGobán Saor agus d'fill sé ar ais. Thárla an rud céadna arís an lá in a dhiaidh sin. Nuair a d'filleadar abhaile nochtuigh an mac gach rud a thárla dá mháthair. Mhol sí dó, sgéal a innsint d'á athair agus nach mhothóchadh sé an t-am ag sleamhnuighadh thart. Rinne sé amhlaidh, agus níorbh fada gur shrois an bheiert aca a gceann sgríbe. Giorruigheann beirt bóthar.Tús loinge ádhmuid
Tús átha clocha
Tús flatha fáilte
Tús sláinte codladh
Deireadh loinge báthadh
Deireadh átha losgadh.
Deireadh flatha cáineadh
Deireadh sláinte osna"(leanann ar an chéad leathanach eile)