Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí Aodh Guaire in-a fhlaith ar Chinéal Féichín sé'n áit a raibh comhnui[dhe] air comhgarach do'n áit a bhfuil an sráid-bhaile Abbey, nó Mainistir Chinéal Fheichi[n] fé láthair.
Le linn do Dhiarmuid Mac Cearrbhail a bheith in-a árd-rí, bhí Naomh Ruadh[án] oncail do Aodh Guaire i Lothra agus bh[í] Naomh Breandán i gCluain Fearta áit nach gcloisfeadh sé glór chluig Naoimh Ruadhán. San am céadna bhí Naomh Breandán [ ] i mBiorra.
Duine a b'eadh Diarmuid a chuir roimhe ughdarás an árd-ríogh a chur i bhfeidhm ar fud na tíre. Chuige sin chuir sé teachtairí chuig na fó-righte le n-a chur in-iúl dóibh gurbh-é a ndualg[as] bheith umhal do'n árd-righ agus nuair a tháinig duine de na teachtairí seo chuig dún ríogh-chúige bhí sleagh an árd-ríogh iomchur treasna ar a bhrollach aige agus(leanann ar an chéad leathanach eile)