Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Biolar - biadh maith folláin a fhásas i srutháin a thagas as toibreacha fíor uisge. Deireadh na sean-daoine go gcuirfeadh sé croidhe nuadh i nduine.Duileasg agus cairrigín - Cois fairrge seadh bhíos siad sin le fágháil. T[á] ádhbhar ionnta ar a dtugtar "Íd[ín] Má ghearrann duine a mhéar agus má chuireann sé braon ídín ar an lot marbhóchaidh sé aon nimh a bhéas ann agus leigheasfaidh an chréacht gan mhoill.
Má itheann duine carrigín, tá leigheas ann do'n duine ar a bhfuil an eitinn, agus má tá slaghdán ar dhuine leigheasfaidh sé é gan mhoill.Feamain - Má chuireann duine boilgín de'n fheamuinn a thaganns isteach ar an dtráigh in a bhéal, agus má(leanann ar an chéad leathanach eile)