Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Port Omna
- XML Leathanach 0326
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Lá Fhéile Stiofáin - Lá an Dreoillín tugtar air.”
Lá Fhéile Stiofáin - Lá an Dreoillín tugtar air. Bíonn dreoillín ag gasúir agus iad ag dul thart le pighinneacha a mhealladh ó dhaoine. Bíonn rann ar siubhal aca
Dreoilín, Dreoilín, rí na n-éan
Is mór é a mhuirighin, is beag é féin
Tóg suas an tulán is cuir síos[?] an [?]
Is tabhair dhom sgiling le deoch d'fagháil dom.
Annsin tugtar airgead dhóibh agus an oidhche sin bíonn spórt mór aca - togha gach bidh agus rogha gach dighe.Lá Fhéile Brighde - Déantar Crosa Bhrighde in onóir Bhrighid an oidhche roimhe. Crochtar suas iad fá dhíon an tighe, agus fágtar annsin iad i rith na bliadhna. Bíonn an teach fá choimirce Naomh Brighide annsin agus ceaptar go sábháileann sí ó gach anachain é.
Déanann malraigh Brighdeóg .i. iomháigh nó(leanann ar an chéad leathanach eile)