Scoil: An Clochar, Port Omna

Suíomh:
Port Omna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Lorcáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0320

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0320

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Port Omna
  2. XML Leathanach 0320
  3. XML “Ráite i measc na nDaoine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. "Naoi n-oidhche agus oidhche gan áireamh ó oidhche Shamhna go dtí Fhéile' Mhártain"
    Muilneóir do b'eadh Naomh Mhártain, agus ar an lá fhéile sin - an t-11adh lá Samhna ní castar roth ar bith. In aice le Spidéal má thuiteann an féasta ar lá margaidh na Gaillimhe ní tógtar an t-arbhar nó aon rud go dtí an margadh. Tógtar ann é ar an lá in a dhiaidh sin mar ní ceart roth an cáirr a casadh.
    Tá sgéal (aige) eile ag baint leis freisin. Deirtear go raibh muileann aige agus go mbíodh miotóga air i gcomhnuidhe agus é ag obair. Bhíodh na lucha go h-an fhairsing ar fad ann agus do bhíodh siad ag milleadh an arbhair i dtreó is go raibh an Naomh bocht sáruighthe aca. Lá amháin chonnaic sé luch ag teacht amach as an bpoll. Bhain sé an mhiotóg dhá láimh agus chaith sé chuig an luch í. Tháinig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge