Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ceann de na sgoltacht mainistreacha ba mhó cáil a bhí i sgoil na mainistre[ach] a bhí i GCluain Fearta. Naomh Breandán seadh a chuir ar bun í sa mbliadh[ain] 566, agus bhí sí ar siubhal anua[s] go dtí an 15mhadh aois. Bhíodh na m[ic?] léighinn ag tarraingt ann in-a gcéadta agus in-a mílte agus is minic a bhí suas le trí mhíle mac léighinn ann i gcuideachta.
Acht le linn do na Lochlannaigh a bheith ag creachadh na tíre cuireadh isteach go mór ar chúrsaibh an léighinn i gCluain Fearta. Thug na Lochlannaigh - ceann-phort darbh ainm Tuirghéis a bhí i gceannas ortha deirtear - cabhlach long aní[ ?] an tSionainn nó gur bhain sé Loch Ribh amach.
Chreach siad na mainistreacha ar 'caon tao[bh] de'n abhainn - Inis Cathaigh, Inis Cealltrai, Tír-Dhá-Ghlas, Lóthra, Cluain Fearta, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)