Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cluain-Mhic-Nóis.
I rith an achair ó bhliadhain 838 to dtí 845 is beag nach ar a gcaomhamhaint a bhí lucht léighinn Cluana Fearta, mar ní túisge iad cruinnighthe 'un a chéile ná an Lochlannach sa mullach ortha dhá mharbhú is dhá gcreachadh. Acht mar sin féin bhí an lá ann i rith an achair chéadna nuair a tháinig Aodh, Mach Riogh Uladh adtuaidh le n-a dhílseacht a dhearbhú do Fheidhlimidh Mac Cromthainn a bhí in a rí ar Mhumhain san am agus rinne an dearbhú sin i mainistir Cluana Fearta sa mbliadhain 840.
Is minic in a dhiaidh sin a creachadh an mhainistir. Tháinig Tomar aníos ó Luimnigh sa mbliadhain 869 le ár agus slad a dhéanamh ar an mainistir, acht bhí an áit folamh roimhe. Beirt nó triúr de na manaigh a bhí ibhfolach sa roilig mharbhuigh sé iad gan truaigh gan tróchaire.