Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)muna mbéadh doras an dúin sáthach leathan leis an t-sleigh a leigint isteach ar an gcuma sin leagfaidhe an balla 'caon taobh de'n doras le go dtiochfadh an t-sleagh isteach.
Bhí sé de mhí-ádh ar Aodh Guaire go raibh a dhoras ró-chumhang agus nuair a tosuigheadh ar an mballa a réabadh bhuail racht buile é agus mharbhuigh sé an teachtaire ar áit na mbonn.
Nuair a thuig Aodh go raibh dlighe an Árd-ríogh sáuighthe aige d'éaluigh sé leis thar an t-Sionainn soir go dtí an t-easbog Seanach in-Ur-Mhumhan, acht ní dhearna Seanach acht é a chur fá choimirce Naoimh Ruadhán. Anonn go dtí an Bhreatain Bheag a chuir Naomh Ruadhán é acht ar chomhairle Dhiarmuda chuir na Breathnaigh ar ais arís é, chuig Naomh Ruadhán.
Tháinig Diarmuid agus a lucht armtha go Lothra agud d'iarr ar Ruadhán an cuirpeach a thabhairt suas. Ní ghéillfeadh Ruadhán dóibh(leanann ar an chéad leathanach eile)