Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus chroch siad Aodh leo dá buidheachas.
D'eirigh Ruadhán agus thug sé Breandán Biorra leis agus leanadar an t'Árd-Rí agus a lucht coimeádtha go Teamhair de bhrigh gur sháruigh siad tearmonn na h-eaglaise. Acht do chinni[gh] an t-árd-rí ar díoghaltas dleaghthach a bhaint amach in-éiric an teachtaire a mharbhuigh Aodh. Dá bhrigh sin thug sé an chluas bhodhar do Ruadhán agus Bhreandán Biorra.
Annsin shiubhail an dá naomh ar feadh trí lá thart timcheall na Teamhra[ch] agus le greadadh clog chuir siad mallach[t] na h-eaglaise ar an sean-áitreabh ríoghamhail sin agus rinne an tairngireach[t] nach mbéadh comhnuidhe ar righ ná ar bhainríoghain ar Cnoc na Teamhrach go deo na ndeor arís. Sa mbliadhain 565 seadh a thárla a bhfuil ráidhte againn. Bliadhain in-a dhiaidh sin marbhuigheadh Diarmuid i(leanann ar an chéad leathanach eile)