Scoil: Baile Mhichíl (uimhir rolla 16241)
- Suíomh:
- Baile Mhicheáil, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ua Gafacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I n-aimsear na lochlannach cuireadh chuid mhór airgid i bhfolach san tír. Déirtear gur cuireadh cuid mhór i bhfolach ar mhullach chnuic darbh ainm an Chnoc Glas ar an t-Seannach.
Nuair a chuir na lochlannaigh síos an t-ór seo chuir siad trí leaca ós a cheann ins an dóigh nach mbíodh na daoine ábalta é a fhághail. Am amháin chuaidh na daoine a bhí na gcomhnaidhe taoibh leis an chnoc glas a cuireadh an óir seo acht ní thiocfadh leobhtha é a fhághail.
Nuair a bhí dhá lic tógtha ag na daoine seo a chuaidh a' cuartadh an óir seo tháinig sealmhan preachan ortha. Annsin b'éigeann dóbhtha é a fhágail agus níorbh fhiach siad leis ní ba mhó.- Bailitheoir
- Séaghan Ó Mairtín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Loiste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Maighread Ní Mhairtín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Loiste, Co. Dhún na nGall