Tig cuid mhór tinnceiri agus lucht siubhail thart ar an áit seo. Siad a n-ainmneacha na Máire na nGé, Maighread a' Bhat', Máire na Sguab, Grainni Bhán, Peadar an Chleíbh, Miceal Cordáin agus Seán Dorán. Ba gnathach le Máire na nGé theacht thart i bhfad ó shoin agus ní rabh sí abalta siubhal agus bhí sí ina suidhe i mbarra rotha agus chuireadh duine eigean ó na theac fhéin go teach na gcomharsaní; gách duine ag iarraidh í a congbhail ar siubhail o n-a theach féin. Bhíodh sí ag sgreadaidh cosamhail le gé.
Bhiodh Máire na Sguab ag díol sguab. Bíodh Peadar an Cléibh thart le cliabh ag díol ialalcha agus ag eirigh iarraidh déirce. Ba gnathach le Micheail Cordáin dul thart agus bíodh prátaí bruighte fuara aige faoi'n h-ata. Nuair a bhí Seán Ó Cannáin ina ghasúir bhí sé ag buachaillacht agus tháinig séisteach fa choinne giota aráin agus bhí Micheal itigh agus thug sé buille de'n bhata do Sheán agus bha bheag na'r mharbh sé é. Cumadh sé dánta faoi daoine.
(leanann ar an chéad leathanach eile)