Bhí fear ina chomhnuidhe ar an Bhaile Úr arbh ainm dó Eamónn Ó Ceallaigh agus ba ghnáth leis leigheasanna a dhéanamh do buaibh. I bhfad ó shoin ba ghnáth le cuid mhór eallaigh an galair caithte a ghlacaint. Síleadh na daoine gur na siogannaí a ba chionntach le seo agus bhí leigheas ag Eamónn dobhtha. Sé an dóigh a leigheasughadh sé iad na: thomhaiseadh sé an bhó ó dheireadh an rubaill go dtí an srón trí n-uaire agus annsin ghnídheadh sé deoch dí. Chuireadh sé meirg naoi n-iarrann agus trí leith-phighinn ins an digh agus leigheasughadh sin í.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »
Bíonn leigheas i dtólamh i láimh an seachtughadh mhic agus sin an evil ? a leigheasughadh. Bhí fear ina chomhnaidhe 'san áit seo darbh ainm do Paidí Mac an t-Saoir agus bé an seachtamhadh mac é. Chuimleochadh sé a lámh naoi n-uaire roimh éirghe na gréine ar an duine tinn agus geobhadh sé biseach.
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »