Tháinig stoirm mhór deich mbliadhan agus fiche ó shoin. Chualaidh mise m'athair mhór ag innseacht damh go mba sin an oidhche gaoithe móire a ba mheasa dá bhfaca sé ariamh. Mhair sé ar feadh dhá lá agus dhá oidhche. Nuair a bhí an stoirm thart bhí na daoine amuigh ag déanamh cruach cruaithe aríst de'n cócan a bhí spréidhthe fríd na cuibhrinn. Ins an am sin ní rabh teach sglátaí ar bith ann agus b'furus na toighthe cócáin a shéideadh mar sin de shéideadh go leor toighthe. Lár an gheimridh a bhí ann agus chuir sé go trom fosta agus bhí acha'n teach lán deór. Bhí an fhairrge comh mór sin leis an stoirm go dtáinig sé fhad leis na bádaí a bhí ar an talamh tirim agus d'iompar siad amach go druim na fairrge
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »