Scoil: Baile Mhichíl (uimhir rolla 16241)
- Suíomh:
- Baile Mhicheáil, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ua Gafacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhichíl
- XML Leathanach 242
- XML “Dóiteán”
- XML “Dóiteán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus teach ceann tuighe a bhí ann fósta. 'Sé an dóigh a dóigheadh é na bhí muc istigh ins an teach aca agus bhí cocán fuithí agus thug sé cuid dé'n go dtí an teinidh lé luighe air agus chuaidh an cocán ar theinidh agus annsin chuaidh an teach uilig ar theinidh fósta. Annsin chuaidh na daoine a bhí ins an teach sin go dtí an teach eile a bhí comhgarach daobhtha go bhfuair siad teach eile tógtha.
- Bhí fear eile i na chomhnuidhe i mBaile Mhíchil dar b'ainm dó Art Ó Fhríghil agus teach beag aige acht chá rabh duine ar bith i na chomhnuidhe ann. Nuair a d'éirigh sé ar maidin bhí an teach dóighte, acht chá rabh fhios aige cé rinne é. I ndiaidh sin díoladh airgead dó.