Scoil: Baile Mhichíl (uimhir rolla 16241)

Suíomh:
Baile Mhicheáil, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brian Ua Gafacháin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Longbhriseadh

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 247

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Chualaidh mise m'athair mhór ag innseacht damh gur i bhfad ó shoin é, chuaidh bád as baile Mhíchil amach a iasgaireacht sgadán go Béal Loch Súilighe agus sé cloigne fir inntí. Fuair sí lucht mór sgadán. D'éirigh an fhairrge agus thug an bád iarraidh an Phort Bheag i gcósta Arathíre a bhaint amach a dtugadh siad Tráigh Bhán air.
Le sgéal fada a dhéanamh goirid tá an Phort seo fíor contabhaireacht, éirigheann trí tonna i ndiaidh a chéile amuigh i mbéal an phuirt agus ritheann siad isteach go dtí fiche slat dó'n chladach. Annsin thug tonn eile ó na beanntracha ar an taoibh ó thuaidh agus seo an áit a bhfuil an chontabhairt ar bhád.
Ar chúis ar bith tháinig an bád seo isteach go dtí an

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Seán Mac an t Saoir
Inscne
fireann
Seoladh
An Baile Úr, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Domhnall Mac an t Saoir
Inscne
fireann
Seoladh
An Baile Úr, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge