Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)

Suíomh:
An Tearmann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ó Duibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 368

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 368

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tearmonn
  2. XML Leathanach 368
  3. XML “Loch Bheathach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Badh e an Mac Gearailt a bhí ina uachtaran os cionn na bealtaigh móra (Surveyor) i dTir Chonaill tuairm ar dhá fhicead bliladhain o shoin.
    Lá deas Samhraidh chuaidh sé fein agus fear eile amach ó Leitirceanainn go Gleann Bheathach. Fuair bádh agus thug leo teadaí móra fada isteach ar an bhád. Bhí trí meadhchain leith-cheadh bo le greamadh ar na téada.
    Ar tús dhiultaigh fear an bhaid a gabhail amach. Bágharadh air agus isteach leis.
    Nuair a chuaidh sé amach giota maith sa loch thug sé comhairle ortha arais gan fiachailt leis. Ach ní rabh gár ann.
    Ceanglodh na meadhchain móra ar bharr na teáda agus caitheadh amach sa loch iad.
    Ar shiubhal leo ar bharr an uige mar bhéádh an ghaoth Mharta ann. D'éirigh an speir dorcha. D'árduigh an ghaoth. Thosaigh na tonna ag éirigh ar áirde.
    Bhagair fear an bháid ortha. Dubhairt sé go dtiocfadh leis fein sná,mh, go léimfeadh sé fein amach agus go bhfuigfeadh sé iad.
    Bhuail eagla an dá sgafaire. Gearradh an ropa.
    Mar a bhuailteach dhá bhois ar a ceile, glan an speir, shocruigh an ghaoth, thuit na tonna agus chiúinigh gach nidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Aodh Ó Duibhne
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Muireadhaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Srath Greadaithe, Co. Dhún na nGall