Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)
- Suíomh:
- An Tearmann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ó Duibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an t-sean aimsir sul a dtainic naomh Padruig go tír na h-Eireann bhí dream saighdiutí ann agus cha rabh a leithead i dtír ar bith eile ar an t-saoghal mhór. La amhain bhí Oisín ag siubhal a chois na trágha thainic óigbhean dheas doigheamhail amach as an fharrge agus do thuit sé i ngrádh leithe. B'as tír na n-óg an cailín. Mheall sí Óisin ar shiubhal leithe. Cha rabh bás nó meath san tír sin acht an óige a gcomhnuidhe. D'fhan Oisín dha chead bliadhain na dheoraidhe agus sa deireadh shiar thall, ghlac Oisín smaointeadh ar theacht ar ais abhaile.
"Ma chuireann tú do chos ar talamh glas na hÉireann beidh tú do shean fheir aosda ar an bhomaite" arsan oigbhean. Bheirfidh me capall liom," arsa Oisin, "agus ní cuirim cos ar an talamh" Slán agus beannacht leat" ar 'sí acht measam nach bhfeicim thú a choidhche arís."
Thainic Oisín ar ais 'na tír féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire P. Ní hAelfeartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Knocknabollan, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loughaskerry, Co. Dhún na nGall