Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)

Suíomh:
An Tearmann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ó Duibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 308

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 308

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tearmonn
  2. XML Leathanach 308
  3. XML “Colm Cille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair do bhí naomh Colmcille na fear óg i nGartab badh ghnathach leis a urnaighe a rádh gach lá cois abhainn. Badh gnathach le fear a theacht ag iasgaireacht ar an abhainn agus ca rabh an naomh sásta leis mar chuir sé tríd a phaidreacha é.
    Aon lá amhain d'íarr Colm ar an iasgaire gan é theacht an chosan sin níos mó. Dubhairt an fear eile go dtiocfadh. "Ma seasann tú ar an bhruach sin am eile is é an bruach sin fód do bhais," arsan Naomh. "Ní sheasam ar an bhall sin ar sgór ar bith," arsa'n tiasgaire. Bí fearthainn throm oidhche amhain agus bhris an bruach a chois an abhainn an ait badh ghnathach leis an fear a bheith ag breith ar bhric: d'iomchar an tuisge an fhod síos an abhainn giota agus ghreamaigh sé i n-ait eile. Cupla bliadhan na dhiaidh sin thainic an fear a iasgaireacht. Thaitinn an bruach deas seo leis, chuir sé a chos isteach air, d'imthigh an bruach leis agus baithiughadh sé.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Colm Cille (~265)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire P. Ní hAelfeartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Knocknabollan, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Cathal Ua Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Loughaskerry, Co. Dhún na nGall